Innéacs Ionracais Náisiúnta Transparency International Ireland

Tá an Bord Iniúchóireachta san Oifig tiomanta do chur chuige neamhfhulaingthe a ghlacadh maidir le breabaireacht, éilliú agus calaois. 

Tá an Oifig tiomanta d'ionracas i stiúradh a cuid oibre, agus ceanglais shonracha i bhfeidhm maidir le:

  • ionracas, oibiachtúlacht agus neamhspleáchas;
  • caidrimh airgeadais, ghnó, fostaíochta agus phearsanta;
  • baint fhada le rannpháirtíochtaí iniúchóireachta; agus
  • táillí, luach saothair agus meastóireachta beartais, dlíthíocht, bronntanais agus fáilteachas.

Cuimsíonn na rialacha seo ceanglais Chód Caighdeán agus Iompair agus Iompraíochta na Státseirbhíse agus ceanglais na reachtaíochta eitice araon. Tá beartais agus nósanna imeachta sonracha ann maidir le nochtadh cosanta freisin.

Tá córais, beartais agus nósanna imeachta na hOifige deartha chun comhlíonadh na gceanglas sin a chinntiú, trí na ceanglais a leabú isteach inár gcultúr agus inár gcleachtais laethúla agus trí fhaireachán a dhéanamh ar thorthaí. I measc na sásraí formhaoirseachta tá an próiseas eitice agus faireacháin, an próiseas bainistíochta riosca, iniúchóireacht inmheánach agus creat foriomlán rialachais chorparáidigh na hOifige.

Tá an Oifig ina ball freisin den chlár Integrity at Work de chuid Transparency International Ireland, a chabhraíonn le hionaid oibre a chothú ina dtacaítear le daoine ábhair imní faoi éagóir a tharraingt anuas agus gníomhú le hionracas. Tugann an clár sin treoir do dhaoine maidir le conas a n-ábhair imní a chur in iúl agus soláthraíonn sé líne chabhrach ar leith do dhaoine ar mian leo a n-ábhair imní a chur in iúl.

Thug Transparency International Ireland faoi athbhreithniú deisce le déanaí ar shampla de chomhlachtaí earnála poiblí, an Oifig seo san áireamh. San athbhreithniú sin, rinneadh measúnú ar roinnt comhlachtaí earnála poiblí i gcomórtas le creat caighdeánach. Foilsíodh an tuarascáil (anseo) i mí Dheireadh Fómhair 2022. Tugann an t-athbhreithniú seo aiseolas luachmhar dúinn ar na réimsí sin ina bhfuil beartais agus nósanna imeachta dea-fhorbartha ag an Oifig, chomh maith leis na réimsí sin inar féidir feabhsuithe a dhéanamh, ar feabhsuithe iad atá curtha in oiriúint d'oibríochtaí na hOifige (féach an tábla anseo).

Go háirithe, foilseoimid na bearta frithéillithe agus frithbhreabaireachta atá mionsonraithe thuas ar rannán ainmnithe dár suíomh Gréasáin agus sonraímid go gcaithfidh gach ball foirne, lena n-áirítear an lucht ardbhainistíochta, cloí leo. Foilseoimid freisin sonraí faoinár mbeartas maidir le sócmhainní agus nósanna imeachta diúscartha sócmhainní a chaipitliú. Sa tuarascáil bhliantúil uainn ar nochtuithe cosanta, deimhneoimid go sainráite nár tháinig aon cheann de na nochtuithe cosanta ón bhfoireann – roimhe seo, áit a raibh nochtadh foirne san áireamh san uimhir, chuireamar béim air sin, agus leanfaimid orainn ag déanamh amhlaidh, áit a bhfuil sé sin amhlaidh.

Ag teacht sna sála ar an Acht um Nochtadh Cosanta (Leasú) a thabhairt isteach le déanaí, cuirfear oiliúint chuimsitheach ar an bhfoireann sa réimse sin a luaithe a bheidh an treoir bheartaithe uaithi foilsithe ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.